Stair

Tá S.N. Naomh Bríd suite i dTuaisceart leithinis Ros Goill ar bhealach an Atlantaigh Fhiáin in Iarthuaisceart Dhún na nGall. Más fíor go gcuireann timpeallacht scoile le forbairt agus oideachas an dálta is cinnte go bhfuil buntáiste mór ag páistí na scoile seo. Tá an scoil tógtha ar ard atá ag amharc amach i dtreo na farraige – bá na nDúnaibh agus na tránna ar thaobh amháin agus bá na Maoil Ruaidhe ar an taobh eile.

Tógadh an scoil seo sa bhliain 1969. Ón am a cuireadh scoileanna ar bun sa cheantar bhí an ceantar seo roinnte ina dhá chuid – an taobh thoir agus an taobh thiar. Bhí Scoil Dhoire a’Chasáin ag freastal ar pháistí an taobh thiar agus Scoil Mhíobhaigh ag freastal ar pháistí an taobh thoir. Rinneadh an dá scoil a chónascadh sa bhliain 1969 agus d’fhág sin Scoil Naomh Bríd againn i gCeann a’ Leargaí. B’iad Seán Mac Pháidin, mar phríomhoide, Míchéal Mac Aodha, Máire Bn. Dé Búrca agus Madgie Bn. Mhic Laifeartaigh na múinteoirí a chuaigh i gceann oibre sa scoil úr. Bhí corradh agus 100 páiste ag freastal ar an scoil úr nuair a d’fhoscail sí.

Tá Scoil Naomh Bríd ag feidhmiú mar scoil Ghaeltachta i gceantar ina bhfuil meath suntasach tagtha ar an teanga le leathchéad bliain ach tá an scoil anois sáite sa tumoideachas agus an fhoireann ag obair go dícheallach lena chintiú go mairfidh an Ghaeilge sa cheantar stairiúil seo.